Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.
Matha 22:13 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) dúirt an rí ansin leis an lucht freastail, ‘Cuirigí ceangal na gcúig gcaol air, agus caithigí amach é sa dorchadas amuigh; is ansin a bheifear ag caoí agus ag díoscán fiacla.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin dubhairt an rí leis na freastalaidhthe: Ceanglaigidh a lámha agus a chosa, agus caithigidh amach san dorchadas amuigh é; annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht níor fhan focal ’n‐a bhéal aige. Annsin adubhairt an rí leis an lucht freastail, Ceanglaidh a lámha agus a chosa, agus teilgidh amach é sa dorchacht amuigh; an áit ’n‐a mbéidh gol agus gíoscán fiacal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhairt an rí ré na ghiollaidhibh an tráthsin, Ar gceangal a chos agus a lámh súd, tóguidh é, agus teilgidh ann sa dorchadus a muich é; mar a mbía gul agus gíosgán fíacal. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha, Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh, áit ’n-a mbeidh gol agus díoscán fiacal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’ |
Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.
Beartaíonn an t‑urchóideach in aghaidh an fhíréin: baineann díoscán as a fhiacla ina choinne.
Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.
Nó fós, conas a d'fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach.
Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”
agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na mbréagchráifeach dó. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”
Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.
“Amen, Amen, a deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.”
Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”
Chuaigh an chaint sin trí chroí a lucht éiste agus tháinig díoscán fiacla orthu chuige.
Gearrfar mar phionós orthu bascadh síoraí i bhfad ó ghnúis an Tiarna agus ó ghlóir a chumhachta,
Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh.
Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;
tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.
Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.
Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.