Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha, Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh, áit ’n-a mbeidh gol agus díoscán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 dúirt an rí ansin leis an lucht freastail, ‘Cuirigí ceangal na gcúig gcaol air, agus caithigí amach é sa dorchadas amuigh; is ansin a bheifear ag caoí agus ag díoscán fiacla.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Annsin dubhairt an rí leis na freastalaidhthe: Ceanglaigidh a lámha agus a chosa, agus caithigidh amach san dorchadas amuigh é; annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Acht níor fhan focal ’n‐a bhéal aige. Annsin adubhairt an rí leis an lucht freastail, Ceanglaidh a lámha agus a chosa, agus teilgidh amach é sa dorchacht amuigh; an áit ’n‐a mbéidh gol agus gíoscán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 A dubhairt an rí ré na ghiollaidhibh an tráthsin, Ar gceangal a chos agus a lámh súd, tóguidh é, agus teilgidh ann sa dorchadus a muich é; mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:13
21 Tagairtí Cros  

Nó conus is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir agus a sheóide dh’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis? Ansan sgartálfaidh sé a thigh.


Leigtear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh: Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é ’n-a phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an chruithneacht do bhailiú isteach am’ sgioból.


Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal.


Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.


Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.


Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal.


Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal.


Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.


Go deimhin, deimhin, adeirim leat, nuair a bhís níb’ óige, churthá féin do chrios umat agus do shiúbhalthá sa n-áit ba thoil leac; ach nuair a chríonóchair, sínfir amach do lámha agus cuirfidh duine eile do chrios umat agus seólfaidh sé thu sa n-áit nách toil leat.


Nuair a tháinig sé sin chúghainn do thóg sé crios Phóil agus cheangail sé a lámha féin agus a chosa agus dubhairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naomh, an fear gur leis an crios so, sin mar a cheangalóchaid na Iúdaígh é i n-Ierúsalem, agus tabharfaid siad i lámhaibh na nGeinte é.


Nuair airíghdar an chainnt sin do gheárr sí an croidhe acu agus bhíodar ag díosgán a bhfiacal chuige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí