Is dearfa go deimhin do reachtanna; is do do theachsa is cuí an naofacht, a Thiarna, go brách na breithe.
Matha 21:13 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibhse ag déanamh uaimh robálaithe de.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é a dúirt sé leo, “Is é atá scríofa, ‘Gairfear teach urnaí de mo theachsa’; ach tá uaimh gadaithe déanta agaibhse de.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus deir sé leo: Tá sé scríobhtha: Goirfear teach urnaighe de mo thigh-se; acht rinne sibh-se uamhach ghadaidhthe de. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhairt sé leo, Atá scríobhtha, Goirfear dem’ thigh‐se teach urnuighthe: acht atá sibh‐se ag déanamh uachaise bitheamhnach dhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ríu, Atá sgríobhtha, Goirfidhthear teach urnuighthe dom theachsa; achd do rinneabhairsi tuinídhe biothamhnach dhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Tá sgríobhtha, Tigh chun úrnuighthe a tabharfar ar mo thigh: ach tá pluais bitheamhnach déanta agaibh-se dhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibh-se ag déanamh uaimh robálaithe de.” |
Is dearfa go deimhin do reachtanna; is do do theachsa is cuí an naofacht, a Thiarna, go brách na breithe.
déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.
An Teampall seo a ghairtear i m'ainmse, an bhfuil sé ina phrochóg ladrann dar libhse? Ach ní dall atá mise - is é an Tiarna a labhraíonn.
Agus bhí sé á dteagasc agus dúirt sé leo: “Nach bhfuil sé scríofa: ‘Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir’? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.”
Ansin, ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ag tiomáint na ndíoltóirí amach,
ag rá leo: “Tá scríofa: ‘Beidh mo theach ina theach urnaithe’; ach tá uaimh robálaithe déanta agaibhse de.”
Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’