Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 7:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 An Teampall seo a ghairtear i m'ainmse, an bhfuil sé ina phrochóg ladrann dar libhse? Ach ní dall atá mise - is é an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 An bhfuil an tighse, goirthear am ainmsi, na phruchlais shladmhóireadh ann bhur radharcsa? Féuch, eadhon do chonnairc misi sin, a deir an TTIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 7:11
16 Tagairtí Cros  

tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.


Nuair a thagann sibh i mo láthair, cé a d'iarr oraibh urlár mo thí a shiúl?


déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.


go léiríonn do lámha lorg fola na neamhchiontach. Agus ní i gcionn tochailte a rug tú orthu siúd! Ach freagróidh tú astu seo uile go cinnte.


An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.


Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m'ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’ ”


Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m'ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte - sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile!


Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!


Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibhse ag déanamh uaimh robálaithe de.”


Agus bhí sé á dteagasc agus dúirt sé leo: “Nach bhfuil sé scríofa: ‘Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir’? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.”


agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol: “Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m'Athar.”


Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí