Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 7:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 “Téigí anois don ionad liom a bhí i Sileo, áit ar shuigh mé m'ainm an chéad uair; féachaigí céard a rinne mé i ndíol olc mo phobail Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Acht éirghidhe anois dom áitsi noch do bhí a Siloh, mar ar shuighidh mé mainm an chéaduáir: agus féuchuidh cred do rinne mé ann ar son uilc mo phobail Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 7:12
13 Tagairtí Cros  

ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.


déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”


uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m'ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n‑aithreacha, mar do rinne mé le Sileo.


Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.


ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.


Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir.


Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.


An íomhá ghreanta a rinne Míceá chuireadar i scrín dóibh féin í agus d'fhan sí ansiúd fad a bhí teach Dé i Sileo.


Théadh an fear seo suas gach bliain as a chathair féin chun adhradh agus chun íobairt a ofráil do Thiarna na Slua i Sileo. Bhí beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás, mar shagairt leis an Tiarna ansiúd.


Dúirt sí: “D'imigh an ghlóir ó Iosrael, óir gabhadh áirc Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí