Cad é seo aníos ón bhfásach, mar a bheadh crann deataigh as miorr agus túis agus uilechumhracht na siopaí?
Matha 21:10 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, bhí corraí faoi lucht uile na cathrach, agus dʼfhiafraigh siad, “Cé hé seo?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic sé isteach go h-Ierusalem, bhí an chathair uilig tré chéile, ag rádh: Cé h-é seo? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair tháinig sé go h‐Iarúsalem, do bhí corruighe mór ar fud na cathrach ar fad, gach aoinneach g‐á rádh, Cia h‐é seo? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ag dul Díosa a sdeach go Híarusaléim, do bhí an chathair uile ar na comhmbogadh, ag rádh, Cía he so? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a chuaidh sé isteach i n-Ierúsalem bhí an chathair go léir ar suathadh, ’ghá rádh: Cé h-é seo? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí. |
Cad é seo aníos ón bhfásach, mar a bheadh crann deataigh as miorr agus túis agus uilechumhracht na siopaí?
Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!
Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna.
agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”
agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t‑údarás sin duit?”
Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”
Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n‑aigne: “Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?”
Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air.
D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”
“Cé thú féin, a Thiarna?” d'fhiafraigh Sól. D'fhreagair an guth: “Is mise Íosa, an té a bhfuil tú á ghéarleanúint.
Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.
Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”