Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 2:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Dʼfhiafraigh na Giúdaigh de ansin, “Cad é an comhartha a thaispeánfas tú dúinn lena bhfuil déanta agat?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 D’fhreagair na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, agus dubhairt siad leis: Cad é an cómhartha a thaisbeánas tú dúinn, de bhrígh go ndéan tú na neithe seo?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus d’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Caidé an cómhartha thaisbeánas tú dhúinn fá n‐a ndéanann tú na neithe seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, Créd é an comhartha thaisbéanas tú dhúinn, fá ndéunann tú na neíthesi?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus d’fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndeineann tú na neithe seo?

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 2:18
14 Tagairtí Cros  

Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”


“Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’ ”


Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”


Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.


Nuair a bhí na sluaite ag tiomsú chuige, thosaigh sé ag rá: “Is drochghlúin an ghlúin seo: tá sí ag lorg comhartha, agus comhartha ní thabharfar di ach comhartha Ióna.


Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:


agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”


Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh?


Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”


“Thugamar ordú daingean daoibh,” ar seisean, “gan teagasc a dhéanamh in ainm an duine seo, ach féach, tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh. Agus is áil libh bás an duine seo a leagan orainne.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí