Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 2:3 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a chuala an rí Iorua sin, bhí coscairt intinne air féin, agus ar mhuintir Iarúsailéim uile maraon leis;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus nuair a d’airigh rí Ioruadh seo, bhí buaidhreamh air, agus ar Ierusalem uilig ina theannta.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht nuair do‐chuala an rí Ioruath sin, tháinig buaidhreadh air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, chómh maith.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna.

Féach an chaibidil



Matha 2:3
14 Tagairtí Cros  

Bhí seo ag cur an-bhuaireamh aigne ar rí Arám, agus ghlaoigh sé ar a fheidhmeannaigh agus dúirt: “Inis dom cé acu againn atá dár [mbrath] le rí Iosrael.”


ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”


Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.


“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!


Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí; seachnaígí agus ná glacaigí scéin, óir ní foláir an uile ní a theacht chun cinn, ach ní hé an deireadh fós é.


Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”


Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar ráflaí ar chogaí, ná glacaigí scéin; óir ní foláir sin a theacht chun cinn, ach ní hé deireadh fós é.


agus olc orthu i dtaobh iad a bheith ag múineadh an phobail agus ag fógairt aiséirí na marbh i [bpearsa] Íosa.