Matha 2:21 - An Bíobla Naofa 1981 Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼéirigh sé agus rug sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaigh sé go Tír Iosrael. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’éirigh seisean, thóg leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinic go tír Israéil. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinig sé go tír Israel. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do eírigh seisean, agus do ghabh sé an leanabh agus a mhathair chuige, agus tainic sé go talamh Israél. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’eirigh seisean agus thóg sé leis an leanbh ⁊ a mháthair, agus tháinig sé go tír Israéil. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael. |
agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”
Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle
Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.