Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.
Matha 15:4 - An Bíobla Naofa 1981 Óir dúirt Dia: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air’; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is í an aithne a thug Dia uaidh, ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair,’ agus ‘An té a labhraíos an t‑olc ar a athair nó ar a mháthair, cuirtear chun báis é gan teip.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara “Onóruigh d’athair agus do mháthair,” agus: “An té a mhallóchas athair nó mháthair, cuirtear chun báis é.” Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir adubhairt Dia, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair: agus an té mhasluigheas a athair nó a mháthair, curtar chum báis é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír tug Día áithne, ag radh, Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Giodh bé mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirthear chum báis é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tabhair do t’ athair agus do d’ mháthair onóir; agus, An t-é déanfaidh easgaine ar a athair nó ar a mháthair curtar chun báis é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir dúirt Dia: ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air’; |
Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.
An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.
Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.
Éist leis an athair a ghin thú, agus ná bíodh drochmheas agat ar do mháthair ina seanaois.
An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.
chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
Bíodh urraim ag gach duine díbh dá athair agus dá mháthair. Coimeádaigí mo shabóidí; mise an Tiarna bhur nDia.
Uime sin: Aon duine a chuireann mallacht ar athair nó ar mháthair, cuirtear chun báis é; ó chuir sé mallacht ar a athair nó ar a mháthair, bíodh a fhuil ar a mhullach féin.
“Agus cén fáth,” ar seisean leo á bhfreagairt, “a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh?
ach is é a deir sibhse: ‘Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: “Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, táim á choisreacan don Tiarna”;
Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.”
Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid.
‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir mar a d'aithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit.