Matha 15:16 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa: “Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé, “An bhfuil sibhse go fóill gan tuiscint freisin? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt seisean: An bhfuil sibh-se fosta gan tuigsin go fóill? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, An bhfuil sibh‐se gan tuigsin fós? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa, An bhfuiltísi leis fós ainbhfeasach? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean: Agus an bhfuil sibh-se féin gan tuisgint fós? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa: “sibh-se freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin? |
Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo!
An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é?
Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”
Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas?
Agus tháinig alltacht thar na bearta orthu, mar níor thuig siad mar gheall ar na builíní, ach bhí a gcroí go dúr.
Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
Ach níor thuig siad aon chuid den mhéad sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá.
Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.
Óir, cé gur chóir daoibh bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní briathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne.