Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d'fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce.
Matha 14:8 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thug a máthair an leid di ansin, go ndúirt sí, “Tabhair chugam anseo ceann Eoin Bhaiste ar thrinsiúr.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht ó fuair sise a h-órdughadh roimh ré ó n-a máthair, dubhairt sí: Tabhair damh annseo ar méis ceann Eoin Baiste. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sise ar impidhe a máthar, Tabhair dhom annso ar mhéis ceann Eoin Bhaiste. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus air bhfagháil teagaísg ó ná mathair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin Baisde air mhéis. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo, áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.” |
Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d'fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce.
Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce.
chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar d'anamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!”
Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.
(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)
Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.
Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d'ordaigh sé an aisce a thabhairt di,
Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: “Cad a iarrfaidh mé?” Dúirt sí siúd: “Ceann Eoin Baiste.”
Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus d'iarr air ag rá: “Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.”
agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é.