Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 19:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar d'anamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ann sin do chuir Iesebel teachdaire go Helias, gha rádh, Go ndéanuid na dée, anso riu marsin, agus tuilleamh fós, muna ndéarna misi do bheathasa mar bheatha dhuine dhíobhsan fáoi namso a márach.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 19:2
18 Tagairtí Cros  

Sibhse mo bhráithre, sibhse m'fhuil agus m'fheoil féin; cén fáth, más ea, gur sibh a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?’


Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó -


Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: “Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,” ar sé, “mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin!


Nuair a fuair Ióáb an scéala - mar thug Ióáb a thacaíocht d'Adoiníá cé nár thug d'Aibseálóm - theith sé go both an Tiarna agus rug greim ar bheanna na haltóra.


Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.”


Cé dó ar thug tú masla agus tarcaisne? Cé hé ar ardaigh tú do ghlór ina aghaidh Agus ar fhéach tú suas air le huaill do shúl? Aon Naofa Iosrael!


“Go ndéana Dia a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom,” ar sé, “má fhanann ceann Eilíseá mac Sheáfát ar a ghuaillí inniu!”


Dúirt Forann leis ansin: “Fág mo radharc! Seachain! Ná tar i mo láthair arís óir an lá a dhéanfaidh tú, marófar thú.”


‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’


Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach, mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.


Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”


Nuair a chuala Iahóiácaím an rí, mar aon lena airí agus a fheidhmeannaigh uile, a bhriathra, theastaigh uaidh é a chur chun báis. Nuair a chuala Úiríá é sin tháinig eagla air agus theith sé don Éigipt.


Fód do bháis, fód mo bháis-sé, agus láthair m'adhlactha. Go ndéana an Tiarna seo agus siúd liom, agus a thuilleadh fós, dá scarfadh fiú an bás ó chéile sinn!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí