Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus adubhairt sise ar impidhe a máthar, Tabhair dhom annso ar mhéis ceann Eoin Bhaiste.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Thug a máthair an leid di ansin, go ndúirt sí, “Tabhair chugam anseo ceann Eoin Bhaiste ar thrinsiúr.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Acht ó fuair sise a h-órdughadh roimh ré ó n-a máthair, dubhairt sí: Tabhair damh annseo ar méis ceann Eoin Baiste.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus air bhfagháil teagaísg ó ná mathair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin Baisde air mhéis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo, áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:8
17 Tagairtí Cros  

Agus tugadh a cheann isteach ar mhéis, agus tugadh do’n chailín é: agus thug sise d’á máthair é.


Agus do gheall sé fá bhrigh na mionn go dtiubhradh sé dhí rud ar bith d’iarrfadh sí air.


Agus do ghabh doilgheas an rí; acht mar gheall ar na mionnaibh, agus mar gheall ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe ’n‐a chuibhreann, d’órduigh sé a thabhairt dí;


Agus d’imthigh sise amach, agus adubhairt sí le ’n‐a máthair, Créad iarrfas mé? Agus d’fhreagair sise, Ceann Eoin Bhaiste.


Agus tháinig sí isteach ar an láthair chum an ríogh le deithneas, agus do‐rinne sí a h‐iarratas, ’g‐a rádh, Is é is maith liom go dtiubharfá láithreach dhom ar mhéis, ceann Eoin Bhaiste.


agus do thóg sé an ceann leis ar mhéis, agus thug sé do’n chailín é; agus thug an cailín d’á máthair é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí