Níl aige ach: ‘Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd.’ ”
Matha 13:24 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir sé fáithscéal eile rompu, agus dúirt sé, “Féadtar ríocht na bhflaitheas a chur i gcosúlacht le fear a chuir dea-shíol ina chuibhreann; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chuir sé fáithscéal eile ós a gcómhair, ag rádh: Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le fear a chuir síol maith ina ghort. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhail ríoghachd neimhe ré duine do chur síol maith ann a fhearann: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta ’n-a chuid tailimh; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála Ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. |
Níl aige ach: ‘Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd.’ ”
Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo: “Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,” sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim, go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.
Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.
Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d'imigh.
Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort.
D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”
“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.
“Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach.
“Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt.
“Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.
“Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac.
“Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta.
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í?
toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal
Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.