Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.
Matha 12:8 - An Bíobla Naofa 1981 Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar tá tiarnas os cionn na sabóide ag Mac an duine.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir tá Mac an Duine ina thighearna fiú ar an tsabóid. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir atá Mac an an Duine ’n‐a Thighearna ar an tsabóid féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a sé Mac ann duine Tighearna na sabbóide féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir isé Tíghearna na sabbóide féin Mac an Duine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid. |
Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.
Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche.
Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.”
Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.
Leo siúd atá saor ón dlí bhí mé mar dhuine a bheadh saor ón dlí d'fhonn an mhuintir atá saor ón dlí a thabhairt liom - cé nach bhfuilim saor ó dhlí Dé ach mé faoi dhlí Chríost.
Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,