Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 1:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Bhí mé faoi anáil an Spioraid lá an Tiarna, agus chuala mé an glór mór mar thrumpa taobh thiar díom

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Do bhíos fá anáil an Spioraid lá an Tighearna, agus do chualas an glór taobh thiar díom, mar bhéadh glór stuic,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do coimhéignigheadh mé ris an Spioruid a ló an Tighearna, agus do chúaluidh mé don táobh shíar dhíom gúth mór mar fhuáim sduic,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 1:10
13 Tagairtí Cros  

D'ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air


Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid:


Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”


Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!”


Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche.


Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d'aon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d'aon duine ach oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.


Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.


Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n‑adharc.


Agus rug sé leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí