Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 1:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 agus é ag rá liom, “Scríobh a bhfeicfidh tú i leabhar, agus cuir é chuig na seacht n-eaglais, an Eiféis agus Smirna agus Pergamón agus Tíatíra agus Sardis agus Filadelfia agus Laodicéa.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 g‐á rádh, An méid do‐chí tú, scríobh i leabhar é, agus cuir chum na seacht n‐eaglais é; chum Eiféise, agus chum Smiorna, agus chum Pergamum, agus chum Tuatíra, agus chum Sárdis, agus chum Filadelfia, agus chum Laodicia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ag rádh, As mise Alpha agus Oméga, an céidneach agus a neach deígheanach: agus, Sgríobhsa a leabhar, an ní do chí tu, agus cuir uáit é chum na seachd neagluisidhibh atá sa Násia; chum Ephesuis, agus chum Smirna, agus chum Pergamuis, agus chum Tiatíra, agus chum Sardis, agus chum Philadelphía, agus chum Laodicea.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 dá rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglais, go hEifeasas, go Smiorna, go Péargamas, go Tiáitire, go Sairdeas, go Filideilfia, agus go Láódacáia.”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 1:11
37 Tagairtí Cros  

Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo, scríobh ar scrolla é, chun go mbeidh sé san am atá le teacht ina fhianaise bhuan:


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad.


Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá: “Scríobh síos an fhís; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh.


Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Tíaitíora darbh ainm Lidia. Bean chráifeach ba ea í agus d'oscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh á rá ag Pól.


Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir.


Chuir sé scéala ó Mhíléatas go hEifeasas dá bhrí sin á iarraidh ar sheanóirí na hEaglaise teacht chuige.


Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.”


Fanfaidh mé in Eifeasas go Cincís,


Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.


“Scríobh an laoi seo más ea agus múin í do chlann Iosrael; cuir ina mbéal í ionas go mba fhinné dom í an laoi seo in aghaidh chlann Iosrael.


Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh a dhéine a bhím ag coimhlint ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus ar son an dreama nár leag riamh súil orm.


Faoi mar a d'iarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu,


Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;


Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.


thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé.


Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.


Eoin chun na seacht n‑eaglaisí san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a ríchathaoireach


“Mise an tAlfa agus an tÓimige,” a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.


Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”


Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”


Agus dúirt [an t‑aingeal] liom: “Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.” Ansin dúirt sé liom: “Focail fhíora Dé iadsan.”


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bPeargamas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil an claíomh géar dhá fhaobhar aige:


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTíaitíora: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa:


An chuid agaibhse i dTíaitíora, áfach, atá fágtha, iadsan uile nár ghlac leis an teagasc seo agus nár chuir eolas ar dhiamhra Shátain mar a thugann siad orthu, ní chuirfidh mé, a deirim libh, aon ualach eile oraibh;


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:


Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”


Agus dúirt sé liom: “Ná cuir séala ar bhriathra fháistine an leabhair seo mar tá an uain in achomaireacht.


“Mise, Íosa, a sheol m'aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.”


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Láoidícéa: ‘Mar seo a deir an tAmen, an finné dílis fírinneach, céadtús chruthúnas Dé.


Ach tá beagán agat i Sairdis, daoine nár shalaigh a n‑éidí; agus siúlóidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí