Apacailipsis (Taispeántadh) 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Taisbeánadh Íosa Críost, thug Dia dhó chum na neithe atá le teacht chum críche go luath d’fhoillsiú d’á sheirbhíseachaibh; agus do nocht d’á sheirbhíseach Eoin iad le teachtaireacht aingil, 2 an té do rinne fiadhnaise ar gach a bhfaca sé i dtaobh briathair Dé, agus i dtaobh fiadhnaise Íosa Críost. 3 Is aoibhinn do’n té léigheas agus do’n dream éisteas le ráidhtheachas na tarngaireachta so, acht gach a bhfuil scríobhtha innti do choimheád: óir ní fada uainn an t‐am. 4 EOIN chum na seacht n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síothcháin daoibh ó’n té atá ann, agus do bhí ann, agus atá ag teacht; agus ó na seacht Spioraidibh atá os cómhair a righ‐chathaoireach; 5 agus ó Íosa Críost, an fiadhnaidhe fírinneach, an chéid‐ghein ó na marbhaibh, agus árd‐rí righthe na talmhan. Do’n té ghrádhuigheas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaidhibh le n‐a fhuil féin sinn; 6 agus do rinne ríoghacht dínn, chum bheith ’n‐ár sagartaibh do Dhia a Athair; dó‐san go raibh an ghlóir agus an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen. 7 Féach, atá sé ag teacht leis na néalltaibh; agus chífidh gach súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfidh treabha uile an domhain d’á bhárr. Mar sin bhéas. Amen. 8 Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tigheara Dia, an té atá ann, agus do bhí ann, agus atá ag teacht, an tUile‐chumhachtach. 9 Mise Eoin, bhur mbráthair agus bhur gcómhpháirtidhe san anró, agus san ríoghacht, agus san bhfad‐fhulang atá i hÍosa, do bhíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathair Dé, agus ar son fiadhnaise Íosa. 10 Do bhíos fá anáil an Spioraid lá an Tighearna, agus do chualas an glór taobh thiar díom, mar bhéadh glór stuic, 11 g‐á rádh, An méid do‐chí tú, scríobh i leabhar é, agus cuir chum na seacht n‐eaglais é; chum Eiféise, agus chum Smiorna, agus chum Pergamum, agus chum Tuatíra, agus chum Sárdis, agus chum Filadelfia, agus chum Laodicia. 12 Agus d’iompuigheas thart chum an té gur leis an guth d’fheicsin. Agus ar n‐iompodh dhom do chonnacas seacht gcoinnleoirí óir; 13 agus i lár na gcoinnleoir, an duine do bhí cosmhail le Mac an Duine, róba go troigh air, agus crios óir timcheall a uchta. 14 Agus do bhí a cheann agus a ghruaig chómh geal le h‐olainn, chómh geal le sneachta; agus do bhí a shúile mar bhéadh lasair teineadh; 15 agus do bhí a chosa mar bhéadh umha geal‐ruithneach do bruithneadh i bhfoirnéis; agus do bhí a ghlór mar bhéadh torann mór‐uisce. 16 Agus do bhí aige ’n‐a láimh dheis seacht réaltana: agus do bhí claidheamh géar dhá‐fhaobhar ar síneadh as a bhéal; agus do bhí a ghnúis mar bhéadh an ghrian ag lonnradh ’n‐a lán‐neart. 17 Agus nuair do chonnacas é, do thuiteas ag a chosaibh mar bhéinn marbh. Agus do leag seisean a lámh dheas orm, g‐á rádh, Ná bíodh aon eagla ort; 18 is mise an tosach agus an deireadh, agus an Té bith‐bheo; agus do bhíos marbh, agus féach, atáim beo go saoghal na saoghal, agus atá eochracha báis agus ifrinn agam. 19 D’á bhrigh sin scríobh na neithe do chonnacais, agus ná neithe atá ann, agus na neithe atá le bheith ann ’n‐a dhiaidh seo; 20 rúindiamhair na seacht réalta do chonnacais im’ láimh dheis, agus na seacht gcoinnleoir óir. Is iad na seacht réaltana aingle na seacht eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoirí óir na seacht h‐eaglaisí. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society