Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.”
Matha 10:25 - An Bíobla Naofa 1981 Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is leor do’n deisciobal a bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach mar a thighearna. Má thug siad Beelsebub ar fhear an tighe, nach lugha go mór sin a thabhairt ar mhuinntir a thighe? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) As lór don deisgiobal bheith mar a mhaighisdír, agus don tshearbhfhoghantuidhe bheith mar thighearna. Má ghoireadar Beelsébub dfhior an tighe, a né nach mó ná sin ghoirfid é dá mhuinntir? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ba leor don deisceabal a bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábhaí a bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é a thabhairt ar lucht a theaghlaigh? |
Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.”
Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”
Agus más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd a gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.
Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”
Dúirt siad leis: “Féadaimid.” Dúirt Íosa leo: “An cupa atáim a ól, ólfaidh sibh, agus leis an mbaisteadh lena bhfuilim do mo bhaisteadh, baistfear sibh;
Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: “Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.”
Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”
Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain.
Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.
Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?”
D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:
Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’