Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 “Níl an deisceabal os cionn an mháistir ná an sclábha os cionn a úinéara.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 “Ní fearr an deisceabal ná oide a mhúinte, agus ní fearr an seirbhíseach ná a mháistir;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Ní fhuil an deisciobal ós cionn a mháighistir, ná an seirbhíseach ós cionn a thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Ní sháruigheann an deisceabal a mhúinteoir, agus ní sháruigheann an searbhónta a thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Ní bhfuil an deisgiobal ós cionn a mhaighisdir, ná an searbhfhóghantuighe ós cionn a thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ní’l an deisgiobul níos fearr ’ná a mháighistir, agus ní’l an seirbhíseach níos fearr ná a thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 “Níl an deisceabal os cionn an mháistir ná an sclábhaí os cionn a úinéara.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:24
6 Tagairtí Cros  

Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d'anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.”


Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?


Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.


Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.


Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí