Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Matha 1:18 - An Bíobla Naofa 1981 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is mar seo a tháinig Íosa Críost ar an saol. Nuair a bhí lámh is focal idir a mháthair Muire agus Iósaf, agus sula ndeachaigh sé chuici, fuarthas í agus an leanbh ina broinn ón Spiorad Naomh; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ba mar seo a bhí geineamhaint Chríost: Nuair a bhí Muire, a mháthair, luaidhte le h-Ióseph, sul a dtáinic siad i dteannta a chéile, fuarthas í ag iomchar cloinne ó’n Spiorad Naomh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus mar so is eadh tharla geineamhain Íosa Críost. Iar mbeith d’á mháthair, Muire, luaidhte le Seosamh, sara dtángadar le chéile, frith go raibh sí torrach ó’n Spiorad Naomh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is mar so do bhí geineamhuin Iosa Chríosd: Oir tar éis daingin do thabhairt eidir a mhathair Muire agus Ioséph, ní is táosga na thangadar a ngar dá cheile fríoth torrach í ón Spiorad Náomh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naomh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le hIósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. |
Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m'aithis i measc daoine a thógáil díom.”
“Má bhíonn maighdean geallta agus go mbuaileann fear léi sa chathair, agus go gcodlaíonn léi,
Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo: “Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas; ach d'ullmhaigh tú corp dom.
Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;