Lúcás 9:24 - An Bíobla Naofa 1981 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, saorfaidh an duine sin é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar an té ar mhian leis a bheo a tharrtháil caillfidh sé é; agus an té a chaillfeas a bheo ar mo shonsa, tarrthóidh sé é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir cibé ar mian leis a anam a shábháil, caillfidh sé é: óir an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, sábhlóchaidh sé é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir cibé duine gur maith leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; acht cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, is é sin shaorfas é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír gidh bé lér ab aill an anam do shlánaghadh caillfidh sé é: agus gidh be chaillfeas a anam ar mo shonsa, a sé so shláineochas é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir an t-é gur maith leis a anam féin do shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, sábhálfaidh sé a anam. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, saorfaidh an duine sin é. |
An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.
Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil.
An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.
Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.
Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.