Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Lúcás 9:22 - An Bíobla Naofa 1981 agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dúirt sé “Is iomaí rud a chaithfeas Mac an duine a fhulaingt agus diúltóidh na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe dó, agus beifear á chur chun báis, agus á thógáil ar aiséirí an tríú lá.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: Is éigean do Mhac an Duine mórán neithe d’fhuilstin, go séanadh na seanóirí agus uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe é, go gcuirthí chun báis é, agus go n-éirigheadh sé arís ar an treas lá. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) g‐á rádh, Caithfidh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí, agus uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe é, agus go marbhóchaidhe é, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Gur ab éigin do Mhac an duine mórán dfulang, agus a dhinltadh ó na sinnsearnibh agus ó úachdaránnibh na sagart agus ó na sgriobuidgibh, agus bás dfulang, agus éirghe an tres lá. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) ’Ghá rádh: Ní foláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.” |
Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.”
Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine,
agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’
Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
“Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”
Ar dtús, áfach, ní foláir dó mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ón nglúin seo.
Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?”
Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”
mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.”
“Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”
Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí á thaispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í.