Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 8:6 - An Bíobla Naofa 1981

Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, d'fheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus thit cuid de ar an gcarraig; agus níl cuid dár fhás nár fheoigh as ó nach raibh a shá uisce aige.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus thuit cuid eile de ar an charraig, agus cómh luath agus d’fhás sé, shearg sé, de bhrígh nach raibh taisleach aige.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do thuit cuid eile dhe ar an gcarraig; agus chómh luath agus d’fhás sé, do shearg sé, de bhrigh nach raibh úire aige.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do thuit cuid eile ar charraic; agus ar bhás dó, do shearg sé, do bhrígh nach raibh taisleach aige.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do thuit tuille dhe ar an gcaraig; agus d’fheóch sé sa bhfás, mar ní raibh an úrmhaireacht aige.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, dʼfheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige.

Féach an chaibidil



Lúcás 8:6
14 Tagairtí Cros  

A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.


Tabharfaidh mé aon chroí amháin dóibh, cuirfidh mé spiorad úr isteach iontu: aistreoidh mé an croí cloiche óna gcorp agus tabharfaidh mé croí feola dóibh,


Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.


An ritheann capaill ar charraigeacha? An dtreabhtar an fharraige le daimh? le go ndéanfadh sibh nimh den cheart agus mormónta de thoradh an ionracais.


Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.


“Chuaigh an síoladóir amach ag cur a shíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid de le hais an bhóthair agus gabhadh de chosa ann, agus d'ith éanlaith an aeir é.


Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.


Ós rud é go ndeirtear: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc,”