Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 8:51 - An Bíobla Naofa 1981

Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nuair a shroich sé an teach, níor lig sé dʼaon duine dul isteach ina chuideachta, ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an linbh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus nuair a tháinic sé go dtí an teach, níor leig sé d’aoinneach dul isteach leis acht Peadar agus Séamus agus Eoin, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair do shroich sé an teach, níor leig sé d’aoinneach teacht isteach i n‐éinfheacht leis, acht Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar ndul a sdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do dhul a sdeach, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus athair agus mathair an chailín.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leir ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé dʼaon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil



Lúcás 8:51
13 Tagairtí Cros  

Ar dhul isteach dó, dhún sé an doras, gan ach an bheirt acu istigh, agus ghuigh sé chun an Tiarna.


Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.


Rug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin agus thosaigh sé ar bheith go critheaglach agus in anbhuain.


Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán,


Chuala Íosa é, agus labhair leis: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid, agus beidh sí slán.”


Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.”


Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí.


Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin d'iompaigh sé chun an choirp, á rá: “A Thaibít, éirigh i do shuí.” D'oscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, d'éirigh sí aniar.