Is méanar don fhear a éisteann liomsa, ag faire gach lá ag mo gheataí, ag feitheamh ag mo dhoirse.
Lúcás 8:40 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois nuair a dʼfhill Íosa, bhí fáilte ag an slua roimhe, ó bhí siad uile ag feitheamh leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, nuair a phill Íosa, gur ghabh an sluagh chuca é; óir bhí siad uilig ag feitheamh leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ag teacht ar ais d’Íosa, do chuir an sluagh fáilte roimhe; óir do bhíodar go léir ag feitheamh leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, an tan do fhill Iósa tar ais gur ghabh an sluagh chuca é: óir do bhádar uile ag feitheamh ris. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thárla, ar a theacht thar n-air d’Íosa, gur ghlac sluagh mhór é, mar bhíodar go léir ag feitheamh leis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis. |
Is méanar don fhear a éisteann liomsa, ag faire gach lá ag mo gheataí, ag feitheamh ag mo dhoirse.
“Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” D'éist an slua mór leis le háthas.
Ar theacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige.
óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.
ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.
Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit,
“Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.
Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.
Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn - agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.”