Sibhse a deir: “Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?”
Lúcás 8:13 - An Bíobla Naofa 1981 Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus an chuid atá ar an gcarraig, sin an dream a ghabhas go háthasach leis an mbriathar chomh luath agus a chluineas siad é; ach níl an fhréamh acu siúd, ní mhaireann a gcreideamhsan ach seal, ach loiceann siad in am an chathaithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is iad sin ar an charraig, an dream a ghlacas an briathar le h-áthas, nuair a chluin siad é, acht ní bhíonn fréamhacha ar bith acu sin, óir creideann siad ar feadh tamaill, agus le linn an chathuighthe téid siad ar gcúl. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an dream úd air an gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad. |
Sibhse a deir: “Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?”
Scriostar túr daingean na n‑urchóideach, ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.
Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:
Féachann siad ortsa mar a bheadh [duine a chanann] amhrán grá ann á ghabháil go binn le tionlacan gléas ceoil. Éisteann siad le do bhriathra, ach ní dhéanann beart dá réir.
Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.
óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.
Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad,
É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n‑imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.
Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.
Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.
Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.
Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é - ach mura in aisce a chreid sibh.
A Ghalatacha gan chiall, cé a d'imir an draíocht oraibh tar éis an léiriú gléineach a tugadh daoibh ar Íosa Críost céasta?
go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá
Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.
Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.
Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.
Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath.
Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábháilfear ár n‑anam.
Tá an corp marbh gan an t‑anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha.
Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n‑aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús.
Tharla dóibh mar a deir an seanfhocal fíor: Filleann an madra ar an aiseag; agus: An chráin nuair a nítear í, luíonn sí sa lathach.
Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d'fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d'fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.
Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;