De bhrí nár thóg sibh ceann d'aon chomhairle do mo chuid, agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,
Lúcás 7:30 - An Bíobla Naofa 1981 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach na Fairiséigh agus na scríobhaithe, ba iad an dream nach ngéillfeadh do dhea-thoil Dé agus nár lig dʼEoin a mbaisteadh). Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht tharcuisnigh na Fairisínigh agus na dlightheoirí cómhairle Dé ina n-aghaidh féin, óir níor ghlac siad-san a bhaisteadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do dhiúltuigh na Fairisínigh agus ollamhain na dlighe de’n chómhairle do chinn Dia ’n‐a dtaobh féin gan baisteadh do ghlacadh uaidh.) An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd thugadar na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar chomhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh. |
De bhrí nár thóg sibh ceann d'aon chomhairle do mo chuid, agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,
Nach dána an mhaise daoibh a rá: ‘Táimid críonna, agus is againn atá dlí an Tiarna’? Féach, cé mar a falsaíodh é le peann bréagach na scríobhaithe.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”
Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis ar cosúil iad?
Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.”
Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.
Níl grásta Dé agam á chaitheamh uaim, óir más ón dlí a thagann fíréantacht, fuair Críost bás in aisce.
Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,