Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:35 - An Bíobla Naofa 1981

35 agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Agus dʼfhiafraigh duine acu, a bhí ina dhlíodóir, ceist de, le féachaint a chur air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus d’fhiafruigh duine acu, doctúir dlighe, de, ag cur féachála air:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do chuir duine aca, dlightheoir, ceist air, g‐á thriail.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus do chuir doctúir dlighe áirighthe dhióbhsan, ceisd air, dá theasdughadh, agus ag rádh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:35
10 Tagairtí Cros  

Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”


“A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?”


Tháinig Fairisínigh chuige agus d'fhiafraigh siad de, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?”


Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.


Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”


Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh.


Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.


Tabhair do d'aire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apollós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí