Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 6:26 - An Bíobla Naofa 1981

“Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n‑aithreacha leis na fáithe bréagacha.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Is mairg daoibh nuair nach mbíonn ach an dea-fhocal ag na daoine uile oraibh, mar is amhlaidh a bhíodh a n‑aithreacha siúd le fáithe bréige.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Is mairg díbh nuair a labharfas na daoine go maith oraibh; óir is mar sin a ghníodh a n-aithreacha leis na fáidhe bréige.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Is mairg daoibh nuair bhéas na daoine ’g‐bhúr moladh! óir is ar an gcuma chéadna do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh bréige.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

As anáoibhinn dáoibh, an tráth a déuruid na huile dháoíne mith ribh! óir as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na fáidhibh fallsa.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag beannachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na fáidhibh fallsa.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe bréagacha.

Féach an chaibidil



Lúcás 6:26
18 Tagairtí Cros  

Don airgead an breogán, agus don ór an sorn, agus fear le briathra lucht bladair a mheas.


Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.


“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.


“Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh. “Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol.


Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.


Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.


mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.


A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.