Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 27:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Don airgead an breogán, agus don ór an sorn, agus fear le briathra lucht bladair a mheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Mar bhíos an pota glanta do nairgiod, agus a nfoirnís do nór; is mairsin bhios an duine dá mholadh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 27:21
14 Tagairtí Cros  

Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail air ó mhullach a chinn go bonn a choise.


Tá mianach ann don airgead Agus tine ann leis an ór a ghlanadh.


“Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna. “Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”


Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn, mar a thriailtear an t‑airgead sa tine.


Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.


Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”


Suífidh sé síos mar athleádóir, agus mar ghlantóir airgid, agus glanfaidh sé clann mhac Léiví agus athleáfaidh sé iad mar ór nó mar airgead sa chaoi go mbeidh a dhíol d'íobróirí iontu ag an Tiarna.


“Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n‑aithreacha leis na fáithe bréagacha.


d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.


A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh.


Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí