Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”
Lúcás 6:18 - An Bíobla Naofa 1981 a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí á gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad á leigheas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus leigheasadh na daoine a raibh spridí neamhghlana á mbuaireamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara A tháinic le h-éisteacht leis agus le leigheas a gcuid galar d’fhagháil. Agus an méid a bhíodh dá gcrádhadh ag spioraid neamhghlana, leigheasadh iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do leigheasadh iad‐san do bhí d’á gciapadh ag spioraidibh neamh‐ghlana. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a raibh ar ná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhglana, agus do leighiseadh íad. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Daoine a tháinig chun go n-éistfidís leis agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus an muintir a bhí d’á gciapadh ag spioraidíbh neamhghlana do leighiseadh iad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí dá gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad dá leigheas. |
Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”
agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin;
Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine
Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus á leigheas uile.
Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.