“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;
Lúcás 5:11 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí a mbáid tugtha chun tíre acu, dʼfhág siad an t‑iomlán agus lean siad é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a thug siad a longa chun tíre, d’fhág siad gach nidh, agus lean siad é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tar a éis dóibh a mbáid do thabhairt chum tíre, d’fhágadar gach uile nidh ’n‐a ndiaidh, agus do leanadar é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan tugadarsan a ienga chum tire, ar bhfagbháil an uile neither dhóibh, do leanadar eisean. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuireadar a loingeas ar tír, agus d’fhágadar gach nídh ’n-a ndiaidh, agus do leanadar eisean. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, dʼfhág siad gach uile ní agus lean é. |
“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;
Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”
Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.
Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”