Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
Lúcás 4:32 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus chuir a theagasc iontas orthu, mar bʼúdarásach a bhriathar. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí uathbhás ortha fá n-a, teagasc, óir bhí cumhacht ag dul le n-a chainnt. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc, de bhrigh gur labhair sé as cainnt ughdarásaigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí úathbhás acasan an a theagasg: óir do bhí a comhrádh maille ré hughdarrás. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar. |
Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.
Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard:
Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”
Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.
D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”
Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.
mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.
Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.