Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 2:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Bíodh lánúdarás agat le seo a fhoilsiú agus le daoine a spreagadh chuige agus é a chiir ina luí orthu. Ná lig do dhuine ar bith a bheag a dhéanamh díot.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Innis na neithe seo dhóibh agus aithbhear le gach ughdarás. Ná leig d’aoinneach beag‐is‐fiú do dhéanamh dhíot.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Labhair, agus teaguisg na neithese, agus ceartuigh maille ris a nuile úghdarrás. Ná tarcaisnigheadh éunduine thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 2:15
10 Tagairtí Cros  

á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.


Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.


Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.”


Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”


Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugamsa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.


Déan lucht an mhí-iompair a cheartú go poiblí, áfach, d'fhonn an chuid eile acu a scanrú.


an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.


Agus is fíor an fhianaise í sin. Déansa iad a cheartú go géar, dá bhrí sin, i dtreo go mbeidh an creideamh folláin acu


Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí