Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 3:12 - An Bíobla Naofa 1981

Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus tháinig bailitheoirí cánacha chuige dá mbaisteadh, agus dúirt siad leis, “A Oide ár múinte, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus tháinic puibliocánaigh fosta le baisteadh d’fhagháil, agus dubhairt siad leis: A Mháighistir, cad é atá le déanamh againne?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad, agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh againn?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?”

Féach an chaibidil



Lúcás 3:12
8 Tagairtí Cros  

Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna?


Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’


Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?”


Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”


Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin.


Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”