Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.
Lúcás 23:43 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus arsa Íosa leis, “Deirim leat go fírinneach go mbeidh tú inniu i mo chuideachtasa i bParthas Dé.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leis: Amén adeirim leat, béidh tú i m’fhochair-se indiu i bpárrthas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean leis, Go fírinneach adeirim leat, Béidh tú im’ fhochair‐se indiu i bPárrthas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbia tú am fhochair a niu a bpárrthas. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leis: Deirim, leat go fíos go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am’ fhochair-se. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bParthas.” |
Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.
Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”
“Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta.
Is amhlaidh a thabharfaidh mé freagra sula nglao siad; agus iad fós ag caint, beidh siad cloiste agam.
Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.
Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.
A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.
Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb'fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna.
Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.
Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”