Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 23:3 - An Bíobla Naofa 1981

D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Deir tú féin é.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus dʼfhiafraigh Píoláid de, “An tú Rí na nGiúdach?” Agus dʼfhreagair sé é, “Is tú a dúirt é.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus d’fhiafruigh Pioláit de, ag rádh: An tusa rí na n-Iúdach? Agus d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Deir tú é.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’fhiafruigh Píoláid de, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, Adeirir é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Deirir é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dʼfhiafraigh Píoláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis dá fhreagairt: “Deir tú féin é.”

Féach an chaibidil



Lúcás 23:3
14 Tagairtí Cros  

Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d'fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.”


Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”


D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Tá sé ráite agat.”


Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.


Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: is mé.”


Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”


D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”


Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: “Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?”


agus ag teacht dóibh ina ghar, deiridís: “Sé do bheatha, a rí na nGiúdach!” agus bhuail siad lena mbosa é.


I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort,