Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 23:25 - An Bíobla Naofa 1981

scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Scaoil sé leo an fear a dʼiarr siad a caitheadh i bpríosún as ceannairc agus dúnmharú; agus lig sé dóibh mian a dtola a imirt ar Íosa.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus scaoil sé chuca an té a d’iarr siad, agus a bhí curtha i bpríosún mar gheall ar dhúnmharbhadh agus ceannairc; acht thug sé suas Íosa dóibh le déanamh leis mar ba mhian leo.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do scaoil sé saor an duine do cuireadh i bpríosún mar gheall ar cheannairc agus ar dhúnmharbhadh, an duine d’iarradar; acht thug sé Íosa dhóibh chun a dtoil d’imirt air.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus marbhtha, noch do íarradar; agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do leig sé saor chúcha an fear a dh’iarradar, an fear a bhí istigh le marbhú duine agus le ceannairc; agus thug sé Íosa dhóibh chun a dtoile dh’imirt air.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dún-mharú–an té a dʼiarr siad–ach thug sé Íosa suas chun a dtola.

Féach an chaibidil



Lúcás 23:25
12 Tagairtí Cros  

Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.


Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.


Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”


Ansin, thug Pioláit de bhreith an rud a d'iarr siad a thabhairt dóibh;


Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.


Ach ba dhéinide fós a n‑aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”


Ach scread siad amach arís: “Ní hé seo, ach Barabas.” Agus robálaí a ba ea Barabas.


Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta.


Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d'iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir.


Anois más ea, seo é an rí a thogh sibh (agus a d'iarr sibh). Cheap an Tiarna rí oraibh.