Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 12:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Anois más ea, seo é an rí a thogh sibh (agus a d'iarr sibh). Cheap an Tiarna rí oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Anois ar a nadhbharsin, féachaidh an rígh do thoghabháir, agus díarrabhair! agus, féachuidh, do chuir an TIGHEARNA rígh ós bhur gcionn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 12:13
9 Tagairtí Cros  

Thug mé rí duit le teann feirge, ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.


“Ina dhiaidh sin d'iarr siad rí a bheith orthu, agus thug Dia Sól mac Chís, fear de threibh Bhiniáimin, dóibh mar rí go ceann daichead bliain.


Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”


Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d'fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D'ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.


Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d'iarr sibh rí daoibh féin.”


Agus dúirt an pobal go léir le Samúéil: “Guigh an Tiarna do Dhia ar mhaithe le do shearbhóntaí, d'fhonn nach bhfaighimis bás, óir, mar bharr ar ár bpeacaí go léir, rinneamar an choir seo rí a iarraidh dúinn féin.”


“Féach,” ar siad leis, “tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.”


Na hasail úd a chuaigh ar strae trí lá ó shin, ná cuiridís aon imní ort, óir fuarthas iad. Agus cé a bhfuil gach is díol dúile in Iosrael i ndán dó, mura duitse agus do theaghlach uile d'athar?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí