Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 12:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Má thugann sibh urraim agus ómós don Tiarna agus géilleadh dá ghlór, agus gan ceannairc a dhéanamh i n‑aghaidh aithne an Tiarna, agus má leanann sibh féin agus an rí atá ag rialú oraibh, an Tiarna bhur nDia, beidh gach ní ina cheart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Ma bhionn eagla an TIGHEARNA oruibh, agus seirbhís do dhéanamh dhó, agus umhlughadh dhá ghlór, agus gan cathughadh a naghaidh aitheanta an TIGHEARNA, ann sin fanfuidh sibh féin agus an rígh bhías ós bhur ccionn go bunáiteach ag leanmhuin bhur TTIGHEARNA Día.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 12:14
11 Tagairtí Cros  

agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.


Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé, ach níor thug siad aird ar a bhriathar.


Abraigí: “Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;


Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m'ainnise; tá mo mhaighdeana agus m'ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas.


An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;


Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.


“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.


Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí