Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
Lúcás 23:23 - An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí siadsan á dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ba é rud, thosaigh siad ar a áitiú air de ghuth ard go gcéasfaí é. Agus ba threise lena nglórtha. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus lean siad-san de iarraidh i n-árd a gcinn go ndéanfaidhe é chéasadh, agus bhuaidh a nguthanna. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do sheasadar go dána, ag glaodhach i n‐árd a ngotha, ag iarraidh é do chéasadh. Agus do bhuaidh a nglór. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí siad-san dá dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha. |
Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.
Ach is mar sin is déine a labhair sé: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt siad uile an rud céanna.
Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t‑olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”
Ach ba dhéinide fós a n‑aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”