Lúcás 23:18 - An Bíobla Naofa 1981 Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ba é rud, ghlaoigh siad uile i gcuideachta in ard a gcinn, “Cuir an fear seo den saol, agus scaoil Barabas chugainn,” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht scairt an sluagh uilig amach i n-aoinfheacht, ag rádh: Beir uainn é seo, agus scaoil chugainn Barabbas, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do ghlaodhadar go léir amach d’aon ghuth, g‐á rádh, Glan as an tslighe é so, agus scaoil chugainn Barabbas: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do éigh an choimthionol uile, ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach do liúigh an pobul go léir agus dubhradar: Tóg uainn é seo agus sgaoil chúghainn Barabbas, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!”– |
duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhúnmharú.
ach d'fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach - é seo a ba aithnid don ardsagart - labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach.
D'éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.”
Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d'iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir.