Goineadh é as ucht ár gcoireanna, bascadh é as ucht ár gcionta. Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinn agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne.
Lúcás 23:16 - An Bíobla Naofa 1981 Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) mar sin de, smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, smachtfaidh mé é, agus leigfidh mé saor é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an ádhbhar sin smachtóchad é agus scaoilfead saor é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Smachtóchad é agus leigfead chun siubhail é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” |
Goineadh é as ucht ár gcoireanna, bascadh é as ucht ár gcionta. Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinn agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne.
Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t‑olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”
Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh.
Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: “Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.”