Lúcás 22:42 - An Bíobla Naofa 1981 agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “A Athair, más toil leat é, cuir an cupán seo ó mo bhéal; ach mar sin féin ná déantar mar is toil liom, ach mar is toil leatsa.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: A Athair, má’s toil leat, beir uaim an chailís seo. Cidheadh, ná déantar mo thoil-se, acht do thoil-se. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) g‐á rádh, A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: acht cheana, nárab é mo thoil‐se acht do thoil‐se do‐ghéantar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupán seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” |
Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.
seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó.
Is mar seo a labhair an Tiarna, Dia Iosrael, liomsa: “Glac an cupán fíona seo as mo láimh agus tabhair ar an uile chine chuig a gcuirfidh mise thú, ól as;
San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.
D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”
Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”
D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!”
D'fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís.
“Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupa seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”
Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.
Malcas a ba ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: “Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupa a thug an tAthair dom, nach n‑ólfaidh mé é?”
Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.
Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.
Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé.
Nuair nach ndéanfadh sé rud orainn, ní dúramar a thuilleadh ach: “Toil an Tiarna go ndéantar.”