Lúcás 21:33 - An Bíobla Naofa 1981 Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathra as. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Rachaidh neamh agus talamh ar neimhnídh, acht ní rachaidh mo bhriathra-sa ar neimhnídh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Rachaidh neamh agus talamh ar ceal: acht ní rachaidh mo bhriathra‐sa ar ceal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Rachaidh neamh agus talamh thort: achd ní rachaid mó bhriathrasa thort go bráth. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Raghaidh neamh agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se an neamhnídh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. |
Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.
Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích.
Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár.
Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn.
Ach maireann briathar an Tiarna go deo.” Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh.
Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.