Lúcás 21:34 - An Bíobla Naofa 198134 Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)34 “Ach bígí féin ar bhur bhfaichill ar eagla go mbeidh troime ar bhur gcroíthe ó dhrabhlás agus ó mheisce agus ó bhuaireamh na beatha seo, ar dhóigh go mbeire an lá úd i dtobainne oraibh mar shúil ribe; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara34 Agus tabhairigidh aire díbh féin, ar eagla go mbéadh bhur gcroidhthe luchtuighthe le craos agus meisce agus cúraim an tsaoghail seo, agus go dtigeadh an lá úd oraibh go tobann; Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)34 Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)34 Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla go mbíadh sibh tromchroidh theach úair ar bith í chráos, agus ó mheisge, agus ó rochúramuibh na beathasa, agus go dtiochfadh an lá úd go hobann oraibh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)34 Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201234 Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh Féach an chaibidil |
Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.