Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 “Ach bígí féin ar bhur bhfaichill ar eagla go mbeidh troime ar bhur gcroíthe ó dhrabhlás agus ó mheisce agus ó bhuaireamh na beatha seo, ar dhóigh go mbeire an lá úd i dtobainne oraibh mar shúil ribe;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Agus tabhairigidh aire díbh féin, ar eagla go mbéadh bhur gcroidhthe luchtuighthe le craos agus meisce agus cúraim an tsaoghail seo, agus go dtigeadh an lá úd oraibh go tobann;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla go mbíadh sibh tromchroidh theach úair ar bith í chráos, agus ó mheisge, agus ó rochúramuibh na beathasa, agus go dtiochfadh an lá úd go hobann oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:34
37 Tagairtí Cros  

Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.


Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise dhóibh-sin.


Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é.


Agus d’fhreagair an Tighearna agus dubhairt sé léi: A Mharta, a Mharta, tá mórán neithe a’d chur thré chéile agus ag cur buartha ort,


Agus bídhidh-se ollamh, óir ni’l fhios agaibh cathain a thiocfaidh Mac an Duine.


Tugaidh aire dhaoibh féin. Má dheineann do dhritháir beart ad’ choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn cathú air, maith dhó é.


Óir tiocfaidh sé ar nós gaiste ar na daoine go léir atá suidhte as uachtar an domhain uile.


Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad.


An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí