A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
Lúcás 20:7 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin dʼfhreagair siad nach raibh a fhios acu cérbh as é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair siad nach raibh a fhios acu cárbh as dó. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagradar, nach raibh a fhios aca cá arbh as é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhreagradar, nach raibh a fhios aca féiu gá hás dó. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagradar ná raibh fhios acu cár bh’ as é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó. |
A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”
Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann, ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.
Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.
Mairg don aoire gan éifeacht, a thréigeann a thréad! Go mbuaile an claíomh a ghéag agus a shúil dheas chomh maith. Go searga a ghéag ar fad agus go mbaintear an radharc dá shúil dheas go hiomlán.”
Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”
Dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
Dúirt Íosa: “Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”
Bíodh seo ar eolas agaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha agus iad ag déanamh de réir a n‑ainmhianta féin,